Baile - Home

Doireann Ní Ghríofa’s poems have appeared in many literary journals in Ireland and internationally, most recently in France, Mexico, USA, Scotland and EnglandThe Arts Council of Ireland has twice awarded her a literature bursary (2011 and 2013). She was a winner of Wigtown Gaelic poetry contest (the Scottish National Poetry Prize) in 2012, shortlisted for the Jonathan Swift Award and Comórtas Uí Néill both in 2011 and 2012. She was selected for the Poetry Ireland Introductions Series. Doireann’s Irish collections Résheoid and Dúlasair are both published by Coiscéim. Her pamphlet of English poems Ouroboros has recently been selected for the longlist of The Venture Award (UK). 

Tá filíocht le Doireann Ní Ghríofa foilsithe i réimse leathan irisí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta: san Fhrainc, i Meicsiceo, sna S.A.M., in Albain agus i Sasana. Bíonn dánta á chumadh aici as Gaeilge agus as Béarla araon. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht uirthi faoi dhó (i 2011 agus i 2013). Bhuaigh sí duais filíochta Ghaeilge Wigtown 2012 (duais náisiúnta filíochta na hAlbain) agus bhí dánta léi ar ghearrliostaí chomórtas Jonathan Swift 2012, agus Comórtas Uí Néill i 2011 agus i 2012. Roghnaíodh Doireann le páirt a ghlacadh sa sraith Poetry Ireland Introductions. D’fhoilsigh Coiscéim an chéad cnuasach léi, dár dteideal Résheoid, agus a dara chnuasach Dúlasair. Le déanaí, bhain gearrchunuasach dánta Béarla léi liosta fada Venture Award na Sasana.  

 

doireann dulasir gry

 

 

 


 

Is iontach a bhfuil de cheardúlacht sa saothar gealintinneach seo. Tá teanga shnoite shaorlíofa cothaithe ag an údar a iompraíonn dánta a bhfuil idir iontas agus dhraíocht agus sceimhle iontu. An fhilíocht seo tá sí simplí coséadrom  ach tá pléascadh laistiar díobh a éilíonn iad a léamh go mall chun a mblaiseadh go hiomlán. Tá na dánta liriciúil agus scéaltach in éineacht, agus thar aon ní eile, is pléisiúr dúinn iad a léamh.’               

- Alan Titley

 

'Más spéis leat scothfhilíocht, a bhfuil úire nach beag ag baint leis, seo leabhar duitse. Chruthaigh Résheoid (Coiscéim 2011),  a céad-chnuasach,  gur liriceoir cumasach í  Doireann Ní Ghíofa arbh í a bua gné fhileata na ngnáthrud a cheapadh, a fhoilsiú is a shoilsiú trí mheán an dáin. Cuireann Dúlasair go mór leis an tuiscint seo.  Óir, sa leabhar seo aclaíonn an banfhile dána seo an teanga go maordha agus go cairéiseach sa leabhar seo le cur  ar ár gcumas speictream  leathan de throscáin na beatha—an grá is an ghruaim, breith agus bás — a mhothú as an nua trí shúile íogaire mná.  Ná ní drogall léi  ach an oiread cuairt fhileata a chur ar chúinní dorcha Éirinn seo an náire  ar bhealach a bhainfidh geit as an léitheoir scaití. Is cinnte go bhfanfaidh cuid de shamhlaoidí Dúlasair beo beathach go ceann i bhfad in intinn an léitheora.'

-          Tomás Mac Síomóin

 

 

'The lyrical richness of Doireann Ní Ghriofa’s  poetry is clearly influenced by the fact that she’s an Irish language speaker. Now writing in both languages, Doireann mines her subject material from diverse and unexpectedly imaginative sources. Her poetry is a delight.'                                       

  - Afric Mc Glinchey

 

 

"Doireann Ní Ghríofa’s poems as Gaelge agus as Bearla are amazing. With these poems she continues to show us her powers for metaphorical lucidity, and re-affirms her place among the most exciting young poets around.”

- Cal Doyle, Poetry Editor, Wordlegs